Advertisement

Ulster Council Advice

ULSTER GAA: Club Gaeilge na Bliana 2025 Bronnta ag Cumann Lúthchleas Gael Uladh

TÁ CLG Uladh go mór faoi chomaoin ag na clubanna iontacha fud fad an chúige a dhéanann obair iontach ar son na teanga.

Táimid eolach ar chuid mhaith den obair seo. Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh nach bhfuil i mbéal an phobail, áfach, agus tá sé rí-thábhachtach go dtugtar aird ar na hiarrachtaí sin. Is as an bhearna sin a d’eascair coincheap an ghradaim seo. Ba mhaith linn deis a thabhairt do chlub amháin gach bliain aird a tharraingt orthu féin, agus a gcuid oibre ar son na Gaeilge a chur ar ár súile dúinn.

Bronann Uachtarán CLG Uladh Gradaim CLG Uladh gach bliain mar aitheantas don obair a dhéanann oibrithe deonacha an CLG agus don tseirbhís a thugann siad don Chumann Lúthchleas Gael agus don phobal i gcoitinne.

Bhí níos mó ná 30 club istigh ar an ghradam don méid a rinneadh le linn 2025, agus cé go raibh gach ceann acu iontach go deo láidir, sheas club amháin amach mar eiseamláir, nó iadsan a leag síos an slat tomhais do chlubanna fud fad Chúige Uladh maidir leis an teanga a fhorbairt agus a fhás taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael in 2025. Ag searmanas bronnta i mí Feabhra 2026, bhronn Uachtarán CLG Uladh, Micheál Mac Eochagáin, Gradam na Gaeilge den bhliain 2024 ar CLG Mhig Uidhir An t-Iompú Deiseal, Fear Manach.

Eagraítear ranganna agus deiseanna foghlama agus labhartha do gach aoisghrúpa. Cuireadh grúpa tuistí agus tachráin ar bun trí Ghaeilge, tugtar tacaíocht do scoláirí ag GCSE agus ag A-Leibhéal agus freastalaíonn baill an choiste féin ar rang Gaeilge gach seachtain. Tá obair nach beag déanta ag CLG Mhig Uidhir An t-Iompú Deiseal ardú céime a thabhairt don teanga i saol an chlub féin, agus is léiriú í Féile an tSamhraidh ar an obair sin. Maireann an féile trí lá agus eagraítear na himeachtaí go léir trí Ghaeilge. Thug CLG Mhig Uidhir An t-Iompú Deiseal faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha go dian agus tá torthaí a gcuid oibre le feiceáil óna gcuid postálacha ar na meáin shóisialta.

Comhghairdeas leis na daoine iontacha atá taobh thiar d’fhás agus d’fhorbairt na Gaeilge, is iad a rinne scoth na hoibre seo agus molann Comhairle Uladh CLG go hard na hoifigigh, na himreoirí, na baill, agus na hoibrithe deonacha atá ag croí an chlub. Go n-éirí go geal libh sa todhchaí, agus go dté sibh ó neart go neart.

Seo iad a leanas na clubanna a bhí ar ghearrliosta i mbliana:

– CLG Mhig Uidhir, An t-Iompú Deiseal, Fear Manach

– CLG Naomh Damhnait, An Droim Mór, Tír Eoghain

– CLG An Clochán Liath, Dún na nGall

Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere

Top
Advertisement

Gaelic Life is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. 10-14 John Street, Omagh, Co. Tyrone, N. Ireland, BT781DW