Advertisement

Ulster Council Advice

Ulster GAA: Highlighting the use of Irish in Ulster

Gaeil Uladh: Tá Pobal sa Ghaeilge. Tá Neart sa Ghaeilge.

Bhí an coróinvíreas linn le linn Sheachtain na Gaeilge 2020, agus deireadh curtha le himeachtaí, le hócáidí agus le rudaí speisialta a bhí beartaithe ag cuid mhór againn in earnáil agus i bpobal na Gaeilge agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a cheiliúradh.

Bhí orainn ár guid oibre a mhúnlú thart ar iarmhairtí na paindéime i rith 2020, agus nuair a sheol muid Seachtain na Gaeilge 2021 ar líne, bhí pobal na Gaeilge ag ceiliúradh le bród agus le fuinneamh ar na meáin shóisialta, agus le chéile, cé go raibh orainn scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm i mbliana.

Covid-19 had reached us by the time Seachtain na Gaeilge 2020 was in full swing, and events, occasions and special plans to celebrate Irish were cancelled.

We all had to shape our work around the consequences of the pandemic in 2020, and as Seachtain na Gaeilge 2021 was launched on the 1st March this year, the Irish language community celebrated with pride and energy online, on social media, and together – even though this year called for social distancing.

Bhí CLG Uladh ag obair go crua linn mhí Feabhra, a bhuí le deontas ó Seachtain na Gaeilge le Energia, ag caint le Gaeil Uladh, idir imreoirí aitheanta, oibrithe deonacha, phobal na Gaeilge ó na meáin cumarsáide, agus pháistí scoile, ar scannán atá mar léiriú ar staid reatha na teanga sa chúige, agus a chaitheann solas ar Ghaeil Uladh mar atá siad: láidir, gníomhach, tiomanta, cruthaitheach.

We at Ulster GAA were busy throughout February, thanks to support from Seachtain na Gaeilge le Energia, speaking to Ulster Gaels, both well-known players, volunteers, media personalities and school children, on a video series that casts a light on Irish in Ulster, and on Ulster Gaels as they truly are: strong, active, determined, creative.

Le linn Sheachtain na Gaeilge 2021, chuala ár mbaill ó phobal na Gaeilge agus ó dhaoine aitheanta ar dhóigheanna éagsúla: cuireadh tús leis podchraoladh úr de chuid CLG Uladh: Bothántaíocht, ina mbíonn Oifigeach Gaeilge CLG Uladh ag caint le daoine éagsúla ó gach cúlra teanga faoi ábhair éagsúla; cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí saoil araon.

During Seachtain na Gaeilge 2021, our members heard from the Irish language community and from well-known personalities in a variety of ways: Ulster GAA launched our new Irish-medium podcast: Bothántaíocht, where our Oifigeach Gaeilge speaks to people from all linguistic backgrounds about a diverse range of subjects, both Irish language and life focused. You can catch this on our YouTube or on our social media channels.

Tá físeán ag gach contae sa chúige lena gcainteoirí féin ag labhairt ar a dtaithí leis an CLG agus an teanga. Ar Lá Fhéile Phádraig, agus muid ag deireadh na ‘seachtaine’, bhí mórfhíseán ón tionscadal seo le Energia curtha in airde ag CLG Uladh ar Twitter, Facebook agus Youtube na Comhairle.

Each county in Ulster now has their own promotional video of their county representatives to use at games, conferences, and events in the future. On St Patrick’s Day, to close Seachtain na Gaeilge 2021, Ulster GAA released the full film for upload to our social media channels and our YouTube page.

Is é an aidhm atá againn na an Ghaei lge a normalú agus a chur ar bhur súile daoibh mar atá sí: beo beathach, i mbéal an phobail, ag óg is aosta, agus ag croílár an Chumann Lúthchleas Gael; lárnach sna cluichí, sa cheol, sa damhsa, agus san oidhreacht.

Our aim is to normalise Irish and to portray the language as it is: alive, in the mouths of people, spoken by old and young, and at the heart of the GAA, through our games, music, dance and heritage. Our motto for this film is: Tá pobal sa Ghaeilge. Tá neart sa Ghaeilge. Pobal means ‘community’ and neart means ‘strength.’

Tá pobal sa Ghaeilge. Tá neart sa Ghaeilge. Agus, mar a deir an CLG, tá áit dúinn uilig ann.

Más spéis libh cúrsaí Gaeilge sa CLG in Uladh nó Seachtain na Gaeilge a phlé, déan teagmháil le hOifigeach na Gaeilge. For further information on the video series, the podcast or to discuss Gaeilge in your club, contact Dr. Tricia Ní Chearra on tricia.nichearra.ulster@gaa.ie.

Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere

Top
Advertisement

Gaelic Life is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. 10-14 John Street, Omagh, Co. Tyrone, N. Ireland, BT781DW